Buy the Audiobook here
Audiobook
€10.00
“Maria is an enchantress, creating spells with words. She fashions a world of air and light, warmth and love. In the land of Fairie, in the land of God you will find her, and her faithful dog Sam. There’s a Trinity of Peace, Love and Joy throughout her work. ❤ ” – Joy Sheridan (writer). ?
In this audiobook you will find poems both in Irish and in English which I hope will appeal to you. They’re are 17 poems and a story called Aoibhneas at the very end. Each poem has an English translation. I’ve recited most of them but several have also been recited by Líle Ní Ghairbhaí, a young student, who studies with Siamsa Tíre.
I really love writing and I do hope you like what you hear. This is my first time recording any of my work.
Description
You will receive 2 files on purchase, 1 with all of the English poems in MP3 files and 1 with all of the Irish poems in Mp3 files. Enjoy.
The files will be zip files, if you need help please see here
Login
Contact
Phone: 086-8870478
Contact me about my books, poems and audiobook
Maria Ní Mhurchú, Cluain Coille, Dingle, Co. Kerry Ireland
MON-FRI 09:00 - 19:00, SAT-SUN 10:00 - 14:00
About The Book
Cuirim fáilte roimh ‘Caifé Caol mmm’, bailiúchán de dhánta ó Maria Ní Mhurchú. Bean an-ghníomhach agus an-chruthaitheach í Maria.
Tá leabhair filíochta eile le Maria foilsithe cheana, chomh maith le drámaí ar nós ‘Imithe le Gealaigh’ agus ‘Tomás na bPúcaí’ a ghnóthaigh gradaim. Chun scríbhneoireacht Maria a thuiscint is a bhraithstint, cabhraíonn sé má tuigtear go mbíodh deacrachtaí aici le sláinte intinne.
Ina réamhrá sa leabhar ‘Caite le Chéile’, ag tagairt don easláinte sin, deir sí: ‘theastaigh uaim na mothúcháin, agus na tuairimí agus na fadhbanna a bhíonn agam a léiriú do na gnáthdhaoine chun go dtuigfidís an meon aigne a ghabhann lena leithéid’. Tá sé tábhachtach go gcuirfí an léargas saoil san agus na mothúcháin a ghabhann leis os comhair an phobail ar mhaithe le comhthuiscint is bá a chothú agus ar mhaithe le tuiscint níos iomláine a fháil ar chás an duine daonna. Déanann Maria an t-eispéireas san a ríomh ina cuid scríbhneoireachta; déanann sí é go macánta fírinneach, gan scáth gan eagla. Déanann sí san go healaíonta agus le greann i nGaeilge is i mBéarla. Agus déanann sí é i bhfoirmeacha liteartha éagsúla, i bprós, i bhfilíocht, ar stáitse is ar phár. Éiríonn le Maria cruth ealaíonta a chur ar a taithí saoil féin a ghluaiseann ón suaitheadh aigne a chruthaíonn domhan diamhair scanrúil samhlaíochta go dtí an aigne suaimhneach ina bhfuil gliondar, áthas is gealgháire i réim. Déanann sí claochlú ealaíonta a chur ar na gnáth mhothúcháin daonna a bhíonn, babhtaí, ag coimhlint le mothúcháin scanrúla an aigne shuaite. Pléann sí leis na heasnaimh atá ina saol agus gabhann sí buíochas as na tabhartais a bronnadh uirthi. Tagann a nádúr máithreachais chun cinn sa bplé sin. Uaireanta bíonn sí ag lorg faoisimh ón suaitheadh aigne, ón gcíor thuathúil scanrúil a bhraitheann sí. Ar fheiscint deich mhilliún lampróg / Ar lasadh sa doircheacht
deir sí:
Anois, is cairde go deo sinn
Agus beidh cabhair agam anois,
An láimh in uachtar d’fháil ar an ndiabhal
A shleamhnaíonn…
Cosúil le lus na hoíche,
Cosúil le púca ón lios,
Cosúil le nathair nimhe sa Ghairdín,
A shleamhnaíonn isteach im’ thromluí
I ngan fhios dom.
Agus an bua mór atá ag Maria ná gur féidir léi na téamaí sin a phlé go héadrom greannmhar. Tá féith an ghrinn go smior i Maria. Feiceann sí cúis gáire go rialta ina saol. Gura fada a leanfaidh sí ag scríobh.
About Maria Ní Mhurchú
I am a free-lance writer for television, stage and radio. I’m also a published poet. I work with the drama group Aisteoirí Bhréanainn, of Corca Dhuibhne [Dingle].
Comhlacht Forbartha na nDéise have commissioned me to write a stage-play 2021.
Working as assistant editor at AN SAGART i gained much experience from the publishing company run by University College of Maynooth. Chairman Prof. Pádraig Ó Fiannachta. Duilleoga Draíochta and Caite le Chéile are among the books I’ve written.
My play Imithe Le Gealaigh was performed to a full house each night as part of The Dublin Fringe Festival in Bewley’s newly refurbished theatre in Grafton St. We received rave reviews for the play including 4 stars review from The Irish Times.
I am a member of The Irish Screenwriters and Playwrights Guild. I’m also a founding member of IFTA – Irish Film & Television Academy.
I’m currently part of a radio course and I’m hoping to produce my own shows in the future. I’m thoroughly enjoying myself…!!
with thanks to


Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Pa Lynch as an taifeadadh breá, Dominika Szalasna as an clúdach aoibhinn agus Martyna Szalasny as na léaráidí álainne , Boscó Ó Conchúir as an réamhrá, le Daragh O’Sullivan as an suíomh idirlíon aoibhinn agus le Líle Ní Ghairabhí a dhein raiceaireacht bhreá ar chuid dos na dánta. Ba mhaith liom buíochas speisialta a ghabháil le Rachel Holstead agus Ealain na Gaeltachta a chabhraíonn liom agus a thacaíonn liom agus mé I mbun saothar. Ealain@udaras.ie
Le grá, Maria Ní Mhurchú